Website Design © Laura Vilsare. Contact

Ní raibh an Cheardlann i bhfad tógtha ar chor ar bith nuair a thuig na ceardaithe féin go raibh easnamh mór amháin san áit, caifé, áit a bhféadfadh cuairteoirí agus na hoibrithe féin suí síos, a scíth a ligean agus béile bhreá a ithe ar a gcompord. Anois tá le maíomh an an gCeardlann go bhfuil ceann de na bialanna beag is deise agus is aitheanta acu ar an láthair, An Builín Blasta.

Ba i dtús na 1980dí a tosaíodh ag caint ar ionad ceardaíochta sa Spidéal. Bhí dealbhadóir as an Spáinn, d’arb ainm Jesús Modia, ina chónaí i gConamara ag an am.

 

Bhunaigh sé gailearaí beag ar a ghlaoigh sé an Dánlann Cloiche Ealaíona sa Spidéal agus de réir a chéile bhuail an smaoineamh é go mbeadh ionad speisialta don lámhcheardaíocht agus do na healaíona ina bhuntáiste mór don cheantar.

 

Tháinig Údarás na Gaeltachta ar bord agus d’aontaigh siad an chéad tionscnamh dá leithéid in Éirinn a chur ar bun.

 

 

Maidir le Jesús Modia féin, bhí Jesús ina chónaí i mBéal Átha na Slua agus é ag obair don chomhlacht Stone Developments. Cuireadh siar go dti An Spidéal ar jaib é  agus thit sé i ngrá leis an áit. Shocraigh sé ar bhogadh go dti an áit.

 

 

Thóg sé teach ar chíos  ar an gCnocán Glas ó Mháire agus Joe Ó Curraighin. D’oscail sé an Dánlann i mbothán ina aice an tí, áit a d’oibrigh sé féin, agus chomh maith leis sin, thosaigh sé ag eagrú taispeántais ó ealaíontóirí mór le rá agus daoine eile a bhí ag teacht chun cinn i saol na healaíona.

 

 

Bhí suíomh ar an dtaobh thoir den Spidéal a raibh go leor conspóide ag baint léi ag an am. Bhí plean ann go dtógfaí eastát mór tithíochta ann, rud nár thaitin mórán le muintir na háite. Shocraigh an tÚdarás ar an suíomh a cheannach agus is ann a tógadh Ceardlann an Spidéil.

 

 

Bhí Jesús Modia féin ar an gcéad duine le bogadh isteach leis an Dánlann Cloiche Ealaíona, agus tamall ina dhiaidh sin sa mbliain chéanna, 1984, tháinig an fíodóir Máire Ní Thaidhg, an potadóir Rob D’Eath, agus Gearóid Ó Murchú leis an Spailpín Fánach, triúr atá fós ag saothrú leo go díchealleach sa Cheardlann, chomh maith le ceardaithe eile.

 

 

Cailleadh Jesús Modia sa mbliain 1988 ach seasann an Cheardlann fós mar oidhreacht aige. Lonnaigh ealaíontóirí agus ceardaithe éagsúla san áit thar na blianta. Tháinig cuid acu agus d’imigh siad arís, ach chuir siad ar fad ina mbealach féin le fiúntacht agus éagsúlacht na Ceardlainne.

 

 

Bhí Údarás na Gaeltachta ina dtaca láidir don Cheardlann i gcaitheamh na mblianta agus is iad siúd, in éindigh le muintir na Ceardlainne féin a choinníonn slacht chomh breá ar an áit.

 

 

 

Jesús Modia,Minister for the Gaeltacht Paddy O'Toole.

Jesús Modia,Irish artist Brian Bourke.

Jesús Modia,