Website Design © Laura Vilsare. Contact

1/12

Tá na

stiúideónna ar oscailt an bhliain ar fad ó 10 ar maidin go dtí 6 in. 

Tá “An Cheardlann” - grúpa stiúideonna ceardaíochta agus ealaíona - suite caol díreach cois na trá ar an taobh thoir den Spidéal, ag breathnú amach ar Chuan na Gaillimhe, Aillte an Mhothair agus Oileáin Árann. Is ann a fheicfidh tú deichniúr ceardaithe éagsúla i mbun dearadh, cruthú agus soláthair a saothar. Cliceáil ar a bpictiúr thuas agus tabharfar go dtí a rannóg pearsanta féin. Is mór is fiú d'aon chuairteoir ar spéis leo ceardaíocht agus cultúr na hÉireann cuairt a thabhairt ar Cheardlann an Spidéil. Ní bheidh deacracht ar bith agat an áit a aimsiú agus tá sé breá éasca do bhealach a dhéanamh timpeall. Más fonn siopadóireachta atá ort nó fonn bia, buail isteach, tóg go réidh é agus bain sult as!